Luke 17:15 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Achd fear aca, mar do chuinnairc sé é féin ar na shlánughadh, dfill sé air, ag moladh Dé do ghuth mhór,
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do bhí duine aca, agus nuair thug sé fá deara go raibh sé leigheasta, do chas sé ar ais, agus é ag moladh Dé de ghuth árd;
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ba ansin a thiontaigh aon duine amháin acu thart, nuair a chonaic sé gur glanadh é, agus é ag moladh Dé in ard a chinn agus a ghutha;
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ach ar a fheiceáil do dhuine acu go raibh sé leigheasta, tháinig sé ar ais agus é ag tabhairt glóire do Dhia de ghlór ard,
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ach ar a fheiceáil do dhuine acu go raibh sé leigheasta, tháinig sé ar ais agus é ag tabhairt glóire do Dhia de ghlór ard,