Luke 17:37 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar bhfreaga dhóibhsion a deirid ris, Gá háit, a Thighearna? Agus a dubhairt seision riú, Gidh bé ball a mbíu an corp, is ann sin fós chruinneochthar na hiolair.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus ag freagairt dóibh, adubhradar, Cá h‐ionad, a Thighearna? Agus adubhairt sé leo, An áit ’n‐a mbíonn an conablach, is ann cruinneochar na h‐iolair, leis.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus dʼfhiafraigh siad de, “Cá háit, a Thiarna?” Is é a dúirt sé leo, “An áit a mbeidh an corp, is ann a chruinneos na hiolair le chéile.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Dúirt siad leis á fhreagairt: «Cén áit, a Thiarna?» Dúirt sé leo: «Mar a mbíonn an corpán, is ann freisin a bheidh na badhbha cruinnithe le chéile.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Dúirt siad leis dá fhreagairt: “Cén áit, a Thiarna?” Dúirt sé leo: “Mar a mbíonn an corpán, is ann freisin a bheidh na badhbha cruinnithe le chéile.”