Luke 18:20 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Atá éolos na naitheantadh agad, Ná déana adhaltranas, Ná déana dunmharbhadh, Na déana goid, Ná déana fiadhnuisi bhréige, Onóiruigh hathair agus do mhathair.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Is eol duit na h‐aitheanta, Ná déan adhaltrannas, Ná déan dún‐mharbhadh, Ná déan goid, Ná tabhair fiadhnaise bhréige, Tabhair onóir dot’ athair agus dod’ mháthair.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Is feasach duit na haitheanta: ‘Ná déan adhaltranas, ná dúnmharú, ná goid, ná fianaise bhréige. Tabhair, onóir do dʼathair agus do do mháthair.’”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Is eol duit na haitheanta: 'Ná déan adhaltranas. Ná déan marú. Ná déan goid. Ná tabhair fianaise bhréige. Tabhair onóir do d' athair agus do do mháthair.'»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Is eol duit na haitheanta: ‘Ná déan adhaltranas. Ná déan marú. Ná déan goid. Ná tabhair fianaise bhréige. Tabhair onóir do dʼathair agus do do mháthair.’”