Luke 18:39 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus an dream do bhí roimhe do imdheargadar é, ionnus go mbíadh se na thochd: achd is moide do éighmheadh seision sin, A mhic Dáibhi, déana trócaire oram.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do bhagair siad‐san do bhí ar tosach air bheith ’n‐a thost: acht ba mhóide do ghlaodh sé, A mhic Dháibhi, déan trócaire orm.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Chuir an méid a bhí ar thosach an tslua milleán air, ag bagairt air bheith ina thost; ach bʼamhlaidh ba mhó a ghlaoigh sé in ard a chinn, agus dúirt sé, “A Mhic Dháibhí, déan trócaire ormsa.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus iad seo a bhí i dtosach an tslua, bhí siad ag bagairt air bheith ina thost, ach b' amhlaidh ba mhóide a bhí seisean ag screadach: «A Mhic Dháiví bíodh trua agat dom!»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus iad seo a bhí i dtosach an tslua, bhí siad ag bagairt air a bheith ina thost, ach bʼamhlaidh ba mhóide a bhí seisean ag screadach: “A Mhac Dháiví bíodh trua agat dom!”