Luke 18:5 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Gidheadh do bhrígh go mbuaidhreann an bhaintreabhachsa mé dioghóla mé í, do chum nach dtiocfadh sé fá dheireadh dom bhuaidhreadh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
ar a shon sin féin, de chionn go bhfuil an bhaintreabhach so ag déanamh buaidheartha dhom, déanfaidh mé ceart dí, ar eagla go gcrádhfaidh sí mé sa deireadh agus í ag sír‐theacht chugam.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
bím do mo chloí ag an mbaintreach seo, agus tabharfaidh mé a cearta di, ar eagla go gcuire sí den saol mé agus í ag síortheacht chugam.’”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
ina dhiaidh sin, de chionn go mbíonn an bhaintreach seo do mo bhuaireamh, déanfaidh mé ceart di, le heagla go mbeadh sí ag teacht go deo ag crá mo chinn.'»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
ina dhiaidh sin, de chionn go mbíonn an bhaintreach seo do mo bhuaireamh, déanfaidh mé ceart di, le heagla go mbeadh sí ag teacht go deo ag crá mo chinn.’”