Luke 18:7 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
A né nach déana Diá dioghaltas ar son a dháoine toghtha féin, éimhgheas air do lá agus doidhche, ge atá foighid aige na ttimcheall?
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus an amhlaidh nach n‐agarfaidh Dia cruadh‐chás a mhuinntire toghtha féin bhíos ag glaodhach air de ló agus d’oidhche?
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus nach dtabharfaidh Dia a gcearta dá dhaoine tofa, a bhíos ag glaoch air oíche agus lá? An mbeidh mórán moille air leo?
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus an ea nach ndéanfaidh Dia ceart dá mhuintir thofa féin a bhíonn ag éamh air de lá is d' oíche, agus eisean ag déanamh foighne ina gcás?
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus an ea nach ndéanfaidh Dia ceart dá mhuintir thofa féin a bhíonn ag éamh air de lá is dʼoíche, agus eisean ag déanamh foighne ina gcás?