Luke 19:11 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ag éisdeachd dóibhsean leis so, do chuir sé leis agus a dubhairt sé cosamhlachd, tré go raibh sé láimh ré Hiarúsalem, agus gur sháoileadarsan nach fada go bhfoillseochtháoi rioghachd Dé.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Le linn éisteacha dhóibh leis an mhéid sin, do lean sé air, agus do labhair sé samhlaoid, óir do bhí sé i ngar d’Iarúsalem, agus do mheasadar‐san go raibh ríoghacht Dé le taidhbhsiú ar ball.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Nuair a bhí siad ag éisteacht leis sin, thosaigh sé ar insint fáithscéil, ó bhí sé féin cóngarach do Iarúsailéim agus ó bhí siadsan ag meas go nochtfaí ríocht Dé gan mhoill.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ag éisteacht dóibh leis an méid sin, lean sé air agus labhair parabal, de bhrí go raibh sé i ngar do Iarúsailéim agus gur síleadh dóibh ríocht Dé a bheith le taibhsiú láithreach.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ag éisteacht dóibh leis an méid sin, lean sé air agus labhair parabal, de bhrí go raibh sé i ngar dʼIarúsailéim agus gur síleadh dóibh ríocht Dé a bheith le taibhsiú láithreach.