Luke 19:28 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar na rádh so, do chúaidh sé rompa, ag dul súas go Hiarasaleim.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus nuair do bhí an méid sin ráidhte aige, do ghluais sé ar aghaid, ag dul suas go h‐Iarúsalem.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Nuair a bhí an chaint sin ráite aige, shiúil sé roimhe, ag tarraingt ar Iarúsailéim.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Nuair a bhí an méid sin ráite aige, ghluais sé roimhe ag dul suas go Iarúsailéim.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Nuair a bhí an méid sin ráite aige, ghluais sé roimhe ag dul suas go hIarúsailéim.