Luke 19:29 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus tárla, an tan do dhruid sé lé Betpháge agus ré Betánia, láimh ris a tsliabh da ngoirthear slíabh na Noluidhe, gur chuir sé dias da dheisciobluibh úadh,
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus tharla, ag tarraing i ngar do Bhétfagé agus do Bhétánia dhó, láimh leis an gcnoc ar a dtugtar cnoc na nOla‐chrann, gur chuir sé beirt d’á dheisceablaibh uaidh,
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Nuair a bhí sé ag an sliabh dá ngairtear Cnoc na nOlóg, cóngarach do Bhétfagé agus do Bhétáin, chuir sé beirt de na deisceabail uaidh,
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus nuair a bhí sé ag teacht i ngar do Bhéatfaigé agus do Bhéatáine, i dtreo an chnoic ar a dtugtar Ola-Choill, chuir sé uaidh beirt de na deisceabail, ag rá:
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus nuair a bhí sé ag teacht i ngar do Bhéatfaigé agus do Bhéatáine, i dtreo an chnoic ar a dtugtar ‘Cnoc na nOlóg’, chuir sé uaidh beirt de na deisceabail, ag rá: