Luke 19:3 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do bhí fonn air fhaicsin cia hé Iósa; agus níor bhéidir ris ón tslúagh, tré go raibh sér ísiol do phearsainn.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do bhí fonn air a fheicsin cad é an sórt duine Íosa; agus níor fhéad sé mar gheall ar an sluagh, mar fear beag íseal do b’eadh é.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Bhí sé ag iarraidh a fheiceáil cén sórt é Íosa, ach theip air de dheasca an tslua, ó bhí sé beag íseal.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
bhí sé ag iarraidh radharc a fháil ar Íosa, cérbh é féin; ach ní fhéadfadh de dheasca an tslua, óir bhí sé íseal ina phearsa.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
bhí sé ag iarraidh radharc a fháil ar Íosa, cérbh é féin; ach ní fhéadfadh de dheasca an tslua, óir bhí sé íseal ina phearsa.