Luke 19:31 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus dá bhfiafruidhe éin neach dhibh, Créd fa sgáoiltí é? is mar so a déartháoi ris, Ar son go bhfuil féidhm ag an Tighearna air.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus má fhiafruigheann aoinneach dhíbh, Cad chuige a bhfuil sibh g‐á scaoileadh? abraidh leis mar seo, Teastuigheann sé ó’n Tighearna.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Má fhiafraíonn aon duine díbh, ‘Cad chuige a bhfuil sibh de, á scaoileadh?’ is é an focal a déarfas sibh, ‘Tá gnó ag an Tiarna leis.’”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus má fhiafraíonn aon duine díbh: 'Cad chuige a bhfuil sibh á scaoileadh?' is é a déarfaidh sibh: 'Mar go bhfuil gá ag an Tiarna leis.'»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus má fhiafraíonn aon duine díbh: ‘Cad chuige a bhfuil sibh dá scaoileadh?’ is é a déarfaidh sibh: ‘Mar go bhfuil gá ag an Tiarna leis.’”