Luke 19:37 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus an tan do dhruid sé a bhogus, ré casaigh shléibhe na Noluidheadh, do thionnsgain an chuideacha dheisciobal uile go lúathgháireach Dia do mholadh do ghuth mhór ar son gach uile subhailcighe dá bhfacadur;
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus nuair do bhí sé ag druidim le fána cnuic na nOla‐chrann, do thosnuigh na deisceabail go léir ar gháirdeachas do dhéanamh agus ar Dhia do mholadh de ghuth árd ar son na ngníomh n‐éachtach do chonnacadar;
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Nuair a bhí sé ag teacht cóngarach, ag bun Chnoc na nOlóg, thosaigh slua uile na ndeisceabal ar dhéanamh gairdis agus ar mholadh Dé faoi na fearta uile a bhí feicthe acu,
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Bhí sé faoin am seo ag teacht i ngar do chliathán Chnoc na nOlóg síos, nuair a thosaigh lánchuallacht na ndeisceabal, agus iad lán d' áthas, ag moladh Dé de ghlór ard mar gheall ar a raibh de mhíorúiltí feicthe acu,
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Bhí sé faoin am seo ag teacht i ngar do chliathán Chnoc na nOlóg síos, nuair a thosaigh lánchuallacht na ndeisceabal, agus iad lán dʼáthas, ag moladh Dé de ghlór ard mar gheall ar a raibh de mhíorúiltí feicthe acu,