Luke 19:40 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar bhfreagra dhósan a dubhairt sé riu, A deirim ribh, má thochduid so, go néighfid na clocha féin.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus d’fhreagair seisean agus adubhairt, Adeirim libh, má éisteann siad‐san a mbéal, go nglaodhfaidh na clocha féin amach.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach ba é a fhreagra, “Táim á insint daoibh, dá mba rud é go bhfanfaidís-sean ina dtost, go mbeadh clocha an bhóthair féin ag caint agus ag glaoch os ard.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
D' fhreagair sé agus dúirt: «Deirim libh, má bhíonn siad seo ina dtost, screadfaidh na clocha amach.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Dʼfhreagair sé agus dúirt: “Deirim libh, má bhíonn siad seo ina dtost, screadfaidh na clocha amach.”