Luke 19:47 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do bhíodh sé teagasg gach lá ann sa teampall. Agus díarradar úachdaráin na sagart agus na sgríobuidhe agus cinn an phobuil eisíon do mharbhadh,
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do bhí sé ag teagasc gach lá sa teampall. Acht do bhí uachtaráin na sagart, agus na scríobhaidhthe, agus cinnirí an phobail ag iarraidh faille le n‐a mhilleadh:
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus bhíodh sé gach lá ag teagasc sa teampall. Bhí na hardsagairt agus na scríobhaithe agus ceannairí an phobail ag iarraidh é a chur den saol;
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Bhíodh sé ag teagasc gach lá sa Teampall. Bhí uachtaráin na sagart agus na scríobhaithe ag iarraidh é a mhilleadh, agus cinn an phobail chomh maith;
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Bhíodh sé ag teagasc gach lá sa Teampall. Bhí uachtaráin na sagart agus na scríobhaithe ag iarraidh é a mhilleadh, agus cinn an phobail chomh maith;