Luke 19:5 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus an tan tháinic Iósa chum na háitesin, ar bhféachain súas dó, chúnnairc sé eision, agus a dubhairt sé ris, A Shachéus, tuirrling go deifreach; óir is ad thigh is éigin damhsa comhnuidhe dhéanamh a niu.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus nuair tháinig Íosa chum na h‐áite, do dhearc sé suas, agus adubhairt sé leis, A Shacchéuis, brostuigh agus tar anuas: óir caithfead‐sa cur fúm id’ thigh‐se indiu.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus nuair a tháinig Íosa go dtí an áit, dʼfhéach sé suas air agus dúirt sé leis, “A Shacéuis, déan deifir agus tar anuas, mar tá rún agam an lá inniu a chaitheamh i do theachsa.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Nuair a tháinig Íosa go dtí an áit, bhreathnaigh sé suas agus dúirt leis: «A Zacháias, déan deifir agus tar anuas, óir is i do theachsa nach foláir dom fanacht inniu.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Nuair a tháinig Íosa go dtí an áit, bhreathnaigh sé suas agus dúirt leis: “A Zacháias, déan deifir agus tar anuas, óir is i do theachsa nach foláir dom fanacht inniu.”