Luke 2:22 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus an tan do coimhlíonadh laéthe glanta Mhuire do réir reachda Mháoisi, rugadar léo go Hiarusaléim é, da thaisbéanadh don Tighearna;
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus nuair do bhí laethe a glanta caithte, de réir reachta Mhaoise, thugadar leo go h‐Iarúsalem é, chum a thoirbheart do’n Tighearna;
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus nuair a tháinig am a nglanta de réir dhlí Mhaois, tugadh aníos go hIarúsailéim é lena thoirbhirt don Tiarna
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus nuair a bhí na laethanta caite agus iad le híonghlanadh de réir dhlí Mhaois, thug siad go Iarúsailéim é le toirbhirt don Tiarna
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus nuair a bhí na laethanta caite agus iad le híonghlanadh de réir dhlí Mhaois, thug siad go hIarúsailéim é le toirbhirt don Tiarna–