Luke 2:36 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus fós do bhí Anna, banfháidh, inghean Phánuel, do threibh Aser: do bhi aois mhór aiceso, tár éis seachd mblíadhna do chaitheamh dhi ag fear a ndiáigh a maighdeannis;
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do bhí Anna, ban‐fháidh, inghean Phanuél, de threibh Asér, do bhí sí an‐aosta; do chaith sí seacht mbliadhna ag a fear tar éis a maighdeanais,
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus bhí banfháidh ann, Anna iníon Phanuél, de threibh Aser; bhí aois mhór aici, ó mhair sí i gcuideachta a fir seacht mbliana ó bhí sí ina hógh,
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus bhí banfháidh ann freisin, Anna iníon Fanuéil, de threibh Áiséar, í anonn i mblianta móra: mhair sí seacht mbliana ag a fear céile tar éis a hóghachta.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus bhí ban-fháidh ann freisin, Anna iníon Fhanúéil, de threibh Áiséar, í anonn i mblianta móra: mhair sí seacht mbliana ag a fear céile tar éis a hóchta.