Luke 2:39 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus mar do chríochnuigheadar gach uile ni do réir reachda an Thighearna, do fhilleadar don Ghalilé, da gcathruigh féin Násarét.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus nuair do bhí gach nidh chóimhlíonta aca de réir dlighe an Tighearna, d’fhilleadar go dtí an Ghalilé, go dtí a mbaile féin Nasair.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus nuair a bhí gach ní comhlíonta acu de réir dhlí an Tiarna, dʼfhill siad go Galailí, go dtí a gcathair féin, Nasair.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Nuair a bhí gach ní curtha i gcrích acu de réir dhlí an Tiarna, d' fhill siad ar an nGailíl, go dtí a gcathair féin Nazarat.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Nuair a bhí gach ní curtha i gcríoch acu de réir dhlí an Tiarna, dʼfhill siad ar an nGailíl, go dtí a gcathair féin Nazarat.