Luke 2:43 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar geríochnughadh na, láetheadh sin, an tan do fhilleadarsan, dfan anleanabh Iósa a Níarusaléim; gan fhios do Ióseph ná dhá mháthair.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
agus nuair do bhí na laethe chaithte aca, agus iad ag filleadh, d’fhan an gasúr Íosa i nIarúsalem; agus ní raibh a fhios sin ag a athair ná ag a mháthair;
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
agus nuair a bhí comóradh na féile thart, agus iad ar a mbealach abhaile, dʼfhan an macaomh Íosa ina ndiaidh in Iarúsailéim. Níorbh fheasach sin dá thuismitheoirí,
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
agus nuair a bhí na laethanta caite acu, agus iad ag filleadh, d' fhan an buachaill Íosa in Iarúsailéim ina ndiaidh, gan fhios dá thuismitheoirí.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
agus nuair a bhí na laethanta caite acu, agus iad ag filleadh, dʼfhan an buachaill Íosa in Iarúsailéim ina ndiaidh, gan a fhios dá thuismitheoirí.