Luke 2:51 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do chuáidh sé léo síos, agus táinic sé go Násaret, agus do bhí sé umhal dóibh: agus do thaisgidh a mháthair na briathra so uile an a croidhe.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do chuaidh sé síos leo, agus tháinig sé go Nasair; agus do bhí sé umhal dóibh: agus do choimhéad a mháthair na briathra so uile ’n‐a croidhe.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus chuaigh sé síos leo go ndeachaigh go Nasair ina gcuideachta, agus dʼumhlaigh sé dóibh; agus is amhlaidh a choinnigh a mháthair cuimhne na nithe sin ina croí.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus chuaigh sé síos in éineacht leo agus tháinig go Nazarat, agus bhí sé faoina smacht. Agus thaiscigh a mháthair go dílis na nithe seo uile ina croí.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus chuaigh sé síos in éineacht leo agus tháinig go Nazarat, agus bhí sé faoina smacht. Agus thaiscigh a mháthair go dílis na nithe seo uile ina croí.