Luke 20:11 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do chuir sé searbhfhoghantuighe eile úadh a rís: achd ar ngabháil air sin leis, agus ar dtabhairt easonóra dhó, do chureadar folamh uátha é.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do chuir sé searbhónta eile: agus do ghabhadar air‐sean, agus thugadar droch‐íde air, agus do chuireadar uatha folamh é.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Chuir sé an dara seirbhíseach chucu ansin; ach bhuail siad é agus thug siad drochíde dó, agus thiomáin ar shiúl é agus a lámha folamh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Chuir sé seirbhíseach eile freisin, ach tar éis dóibh é seo a bhualadh chomh maith, agus easonóir a thabhairt dó, chuir siad ar ais folamh é.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Chuir sé seirbhíseach eile freisin, ach tar éis dóibh é seo a bhualadh chomh maith, agus easonóir a thabhairt dó, chuir siad ar ais folamh é.