Luke 20:12 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus na cheann sin do chuir sé an treas úadh: achd do chuireadarsan amach an tésin leis, ar na lot.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do chuir sé an treas duine: agus do leonadar eisean, leis, agus do chaitheadar amach é.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Chuir sé an seirbhíseach eile chucu; agus chaith siad amach é agus é dearg ina chuid fola.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Chuir sé uaidh fós an tríú duine: ach é seo arís, rinne siad é ghoin agus é thiomáint amach.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Chuir sé uaidh fós an tríú duine: ach é seo arís, rinne siad é a ghoint agus é a thiomáint amach.