Luke 20:16 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Tiocfuidh sé agus sgriosfuidh sé na sgológa úd, agus do bhéura sé an fhíneamhuin do dháoinibh eile. Agus an tan do chúaladarsan so, a dubhradar, Nár liege Día sin.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Tiocfaidh sé agus scriosfaidh sé na scológa sin, agus do‐bhéarfaidh sé an fíonghort do dhaoinibh eile. Agus nuair do chualadar‐san é, adubhradar, Nár leigidh Dia sin.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Tiocfaidh sé agus scriosfaidh sé na tionóntaí as, agus tabharfaidh sé an fíonghort do dhream éigin eile.” Nuair a chuala siad sin, dúirt siad, “Nár lige Dia sin!”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Tiocfaidh sé agus cuirfidh sé na curadóirí sin chun báis, agus tabharfaidh an fíonghort do dhaoine eile.» Ar a chloisteáil sin dóibh, dúirt siad: «Nárab ea!»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Tiocfaidh sé agus cuirfidh sé na curadóirí sin chun báis, agus tabharfaidh an fíon-ghort do dhaoine eile.” Ar a chloisteáil sin dóibh, dúirt siad: “Nárab ea!”