Luke 20:18 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Gidh bé duine thuitfeas ar an gcloich úd, do dhéantar greamanna dhe; agus gidh bé duine ar a dtuitfidh sí, do dhéana sí luaithreadh dhe.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Gach aoinneach thuiteas ar an gcloich sin brisfear é ’n‐a bhroscar; acht an té ar a dtuitfidh sí, meilfidh sí ’n‐a mhion‐luaith é.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Níl duine dá dtitfidh in éadan na cloiche úd nach réabfar ó chéile; ach meilfidh sí go mion an té sin a dtitfidh sí ina mhullach.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
«Gach aon duine a thitfidh ar an gcloch sin, bascfar é, ach cibé a dtitfidh sí air, déanfaidh sí é a bhrú ina cháith.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
“Gach aon duine a thitfidh ar an gcloch sin, bascfar é, ach cibé a dtitfidh sí air, déanfaidh sí é a bhrú ina cháith.”