Luke 20:19 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus díarradar úachdaráin na sagart agus na sgriobuidhe láinha do chur annsan air a núair sin féin; achd do bhi eagla an phobuil orrtha: óir do aithneadar gur ab na naghuidh fein a dubhairt sé an chosamblachdso.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do bhí na scríobhaidhthe agus uachtaráin na sagart ag iarraidh greim láimhe d’fhágháil air an t‐am sin féin; agus do bhí eagla an phobail ortha: óir ba léir dhóibh gurab ’n‐a n‐aghaidh féin d’innis sé an tsamhlaoid sin.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Bhí na scríobhaithe agus na hardsagairt ag iarraidh greim a fháil air cheana féin, ach ab é an eagla a bhí orthu roimh na daoine; mar dʼaithin siad gur dhírigh sé an fáithscéal sin orthu.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus b' fhonn leis na scríobhaithe agus le huachtaráin na sagart a lámha a leagan air an uair sin féin ach eagla an phobail a bheith orthu; óir bhí a fhios acu gur chucu féin a bhí sé nuair a labhair sé an parabal úd.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus bʼfhonn leis na scríobhaithe agus le huachtaráin na sagart a lámha a leagan air an uair sin féin ach eagla an phobail a bheith orthu; óir bhí a fhios acu gur chucu féin a bhí sé nuair a labhair sé an parabal úd.