Luke 20:21 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus dfíafraigheadar dhe, ag rádh, á Mhaighisdir, atá a fhios againne gur ceart labhras tú agus theagaisgeas tú, agus nach bhfuil cion agad ar phearsain áonduine, achd go dteagasgann tú slighe Dé do réir na fírinne:
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do chuireadar ceist air, g‐á rádh, A Mháighistir, atá a fhios againn go labhrann agus go múineann tú mar is ceart, agus nach bhfuil beann agat ar phearsain, acht go múineann tú slighe Dé de réir na fírinne:
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus chuir siad an cheist seo air, “A Oide, tá a dhea-fhios againn go mbíonn tú ag labhairt agus ag teagasc mar is ceart, gan claonadh le haon duine, ag teagasc na fírinne faoi shlí Dé.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Chuir siad ceist air: «A Mháistir,» ar siad, «tá a fhios againn go labhraíonn tú agus go múineann tú an ceart, agus gur cuma leat duine seachas a chéile, ach tú ag múineadh slí Dé de réir na fírinne.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Chuir siad ceist air: “A Mháistir,” ar siad, “tá a fhios againn go labhraíonn tú agus go múineann tú an ceart, agus gur cuma leat duine seachas a chéile, ach tú ag múineadh shlí Dé de réir na fírinne.