Luke 20:26 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus níor fhéadadar greamughadh air a bhriathra a bhfíadhnuisi an phobuil: agus ag déanamh iongantais ann a fhreagarthuibhsion, do thochdadar.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus níor fhéadadar aon mhí‐chiall do bhaint as an gcainnt i láthair na ndaoine; agus do chuir an freagra iongnadh mór ortha, agus d’fhanadar ’n‐a dtost.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus níor fhéad siad breith ar a fhocal i láthair na ndaoine; ach ag déanamh iontais dá fhreagra agus tost orthu.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus níor fhéad siad breith air i bhfocal ar bith i bhfianaise an phobail, agus, ó b' ionadh leo a fhreagra, d' fhan siad ina dtost.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus níor fhéad siad breith air i bhfocal ar bith i bhfianaise an phobail, agus, ó bʼionadh leo a fhreagra, dʼfhan siad ina dtost.