Luke 20:29 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ar a nadhbharsin do bhádar móirsheisior dearbhrathar ann: agus ar ngabháil mná chuige don chédghear, fúair sé bás gan chloinn.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Is amhlaidh do bhí móir‐sheisear dearbhráthar ann: agus do ghlac an chéad duine aca bean chuige, agus fuair sé bás gan sliocht;
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
“Anois bhí mórsheisear deartháir ann; agus ghlac duine acu bean, go bhfuair bás gan chlann;
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Sea: bhí seachtar dearthár ann: phós an chéad duine agus fuair bás gan chlann.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Is ea: bhí seachtar deartháireacha ann: phós an chéad duine agus fuair bás gan chlann.