Luke 20:35 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Achd cheana an dream mheasfuidhthear gur fiú íad an sáoghal úd, agus eiséirghe ó na marbhuibh dfagháil, ni phósaid mná, agus ní thugthar dfearuibh íad:
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
acht na daoine go meastar gur fiú iad an saoghal úd, agus an aiséirghe ó na marbhaibh d’fhágháil, ní phósaidsean agus ní tugtar le pósadh iad:
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
ach an dream a mheastar gur fiú iad teacht chun an tsaoil úd agus chun an aiséirí ó mhairbh ní bhítear á bpósadh ná ag déanamh cleamhnas dóibh siúd,
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
ach iad seo a mheasfar gur fiú iad an saol úd eile a shroicheadh agus an aiséirí ó mhairbh, ní ghabhann siad fear céile ná bean chéile;
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
ach iad seo a mheasfar gur fiú iad an saol úd eile a shroicheadh agus an t-aiséirí ó mhairbh, ní ghabhann siad fear céile ná bean chéile;