Luke 20:46 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Tabhruidh aire dháoibh féin ó na sgríobuidhibh, le nab aill siobhal a róhuidhibh fada, agus lé nab ionmhuin failtighe ar na marguidhibh, agus na cédionuid suighthe ann sna coimhthionóluibh, agus na céadchuibhrinn ann sna féasduidhibh;
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Seachnaidh na scríobhaidhthe, gur mian leo siubhal i róbaibh fada, agus gur mór aca go n‐umhlóchthaidhe dhóibh ar áiteannaibh na margadh, agus na suidheacháin tosaigh d’fhágháil ins na sionagógaibh, agus na h‐ionada is fearr d’fhágháil ag fleadhannaibh;
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
“Bígí ar bhur bhfaichill roimh na scríobhaithe, an dream a dtaitníonn sé leo bheith ag siúl thart in éadaí fada, agus daoine ag beannú dóibh i sráid an mhargaidh, agus na suíocháin is fearr sa tsionagóg agus an áit is onóraí ar fhéasta,
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
«Seachnaígí na scríobhaithe, an dream arb áil leo a bheith ag siúl timpeall sna róbaí fada, agus gur gnaoi leo go mbeifí ag beannú dóibh sna háiteanna poiblí, agus na príomhshuíocháin sna sionagóga agus na príomhthoilg ag na fleánna;
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
“Seachnaígí na scríobhaithe, an dream arb áil leo a bheith ag siúl timpeall sna róbaí fada, agus gur gnaoi leo go mbeifí ag beannú dóibh sna háiteanna poiblí, agus na príomhshuíocháin sna sionagóga agus na príomhthoilg ag na fleánna;