Luke 20:9 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do thionnsgain sé an chosamhlachdsa do rádh ris an bpobal; Do chuir duine áirighe fíneamhuin, agus tug sé amach do sgológuibh í, agus do bhi sé féin a gcoigcrích air feadh aimsire faide.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do thosnuigh sé ar an tsamhlaoid seo do labhairt leis na daoinibh: Do chuir duine fíonghort, agus thug sé ar cíos do scológaibh é, agus d’imthigh sé go tír eile go ceann i bhfad.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus thosaigh sé ar insint an fháithscéil seo do na daoine, “Fear a bhí ann a chuir fíonghort faoi chrainn fíniúna, agus a chuir ar chíos é ag tionóntaí, agus a dʼimigh leis ar an gcoigrích ar feadh i bhfad.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Thosaigh sé ansin ag rá an pharabail seo leis an bpobal: «Phlandaigh duine fíonghort, agus chuir ar cíos chun curadóirí é, agus chuaigh ar an gcoigrích go cionn mórán aimsire.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Thosaigh sé ansin ag rá an pharabail seo leis an bpobal: “Phlandaigh duine fíon-ghort, agus chuir ar cíos chun curadóirí é, agus chuaigh ar an gcoigríoch go cionn mórán aimsire.