Luke 21:26 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus racha a nanam as na dáoinibh tré eagla, agus tré bheith ag feitheamh ris na neithibh thiocfas ar an domhan: oír croithathear cumhachda neimhe.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
daoine ag dul i laige le h‐eagla, agus le h‐imnidhe mar gheall ar a bhfuil i ndán do’n tsaoghal: óir corróchar cumhachta neimhe.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
agus beidh daoine ag titim i laige le heagla nuair a bheas leid acu ar a bhfuil ag bagairt ar an saol; mar bainfear croitheadh as cumhachtaí neimhe.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
daoine i bhfantaisí éaga le barr eagla agus imní faoi na nithe atá le breith ar an gcruinne; óir beidh cumhachtaí na bhflaitheas ar crith.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
daoine i bhfantaisí éaga le barr eagla agus imní faoi na nithe atá le breith ar an gcruinne; óir beidh cumhachtaí na bhflaitheas ar crith.