Luke 21:28 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus an tan thionnsgóntar na neithesi do dhéanamh, féachuidh súas, agus togbhaidh bhár gcinn; óir is fogus dáoibh bhar bhfúasgladh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus nuair tosnóchar ar na neithibh sin, féachaidh i n‐áirde, agus tógaidh bhúr gcinn; óir atá bhúr bhfuascailt ag tarraing i ngar daoibh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Nuair a thosaíonn seo uile ar theacht i gcrích, amharcaigí in airde agus bígí ag tógáil bhur gcinn, mar tá bhur slánú ag teacht in bhur gcomhair.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Nuair a thosóidh na nithe sin ag teacht, seasaígí suas agus ardaígí bhur gceann, óir tá bhur bhfuascailt in achmaireacht.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Nuair a thosóidh na nithe sin ag teacht, seasaígí suas agus ardaígí bhur gceann, óir tá bhur bhfuascailt in achomaireacht.”