Luke 21:5 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus a dubhairt sé ré druing áirigh, do bhi ag labhairt ar an dteampall, tré go raibh sé ar na dheaghmhaisiughadh do chlochaibh áille agus do thiodhluicthibh,
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus nuair do bhí cuid aca ag labhairt fá’n teampall, cionnas mar bhí sé maisighthe le clochaibh áilne agus le tíodhlaicthibh,
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Nuair a bhí cuid acu ag cur síos ar an teampall, agus ar mhaise a chloch costasach agus a thíolaicí, ar seisean leo,
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Nuair a bhí daoine áirithe á rá mar gheall ar an Teampall go raibh sé maisithe le clocha breátha agus le tíolaicí dúthrachta, dúirt seisean:
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Nuair a bhí daoine áirithe dá rá mar gheall ar an Teampall go raibh sé maisithe le clocha breátha agus le tíolaicí dúthrachta, dúirt seisean: