Luke 22:33 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus a dubhairt seision ris; A Thighearna atáim ullamh air bhul leachdsa, chum príosúin, agus chum báis leis.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus adubhairt seisean leis, A Thighearna, atáim ullamh ar dhul leat‐sa chum príosúin agus chum báis.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus dúirt seisean leis, “A Thiarna, táim réidh le do leanúint chun an phríosúin agus chun an bháis.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Dúirt seisean leis: «A Thiarna, táim ullamh ar dhul leatsa chun príosúin agus fós chun báis.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Dúirt seisean leis: “A Thiarna, táim ullamh ar dhul leat-sa chun príosúin agus fós chun báis.”