Luke 22:34 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Achd a dubhairt séision, A deirim riot, a Pheadair, nach goirfe an coileach a níu, nó go séanna tú trí húaire go bhfuil aithne agad oramsa.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus adubhairt seisean, Adeirim leat, a Pheadair, nach nglaodhfaidh an coileach indiu, go séanfair trí h‐uaire aon aithne do bheith agat orm.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach ar seisean leis, “Insím duit, a Pheadair, nach scairtfidh an coileach an mhaidin seo, go séanfaidh tú faoi thrí go bhfuil aithne agat orm.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ach dúirt sé: «Deirim leat, a Pheadair, ní ghlaofaidh an coileach inniu nó go mbeidh tusa tar éis a shéanadh faoi thrí go bhfuil aon aithne agat orm.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ach dúirt sé: “Deirim leat, a Pheadair, ní ghlaofaidh an coileach inniu nó go mbeidh tusa tar éis a shéanadh faoi thrí go bhfuil aon aithne agat orm.”