Luke 22:37 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oir a deirim ribh, Gur ab éigin fós an ní atá sgriobhtha do choimhlíonadh ionnamsa, Agus atá sé ar na chomháireamh a measg na ndáoine coirthéach: óir na neithe úd atá am thaoibhse atá deireadh aca:
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Óir adeirim libh, go gcaithfear an nidh seo atá scríobhtha do cóimhlíonadh ionnam‐sa, Agus do h‐áirmheadh é le cuirptheachaibh: óir an méid bhaineas liom atá sé d’á chóimhlíonadh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Mar táim ag insint daoibh go gcaithfidh mé an focal sin an scrioptúir a chomhlionadh, ‘Agus bhíothas á mheas ar an dream a bhí ciontach,’ mar tá ar scríobhadh fúm ag teacht i gcrích.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Óir deirim libh, an rud úd atá scríofa, ní foláir é a theacht chun críche ionamsa: 'Cuireadh ar aon bhuíon leis na mallaitheoirí é.' Go deimhin féin, tá mo chúrsaí uile ag druidim chun deiridh.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Óir deirim libh, an rud úd atá scríofa, ní foláir é a theacht chun críche ionamsa: ‘Cuireadh ar aon bhuíon leis na mallaitheoirí é.’ Go deimhin féin, tá mo chúrsaí uile ag druidim chun deiridh.”