Luke 22:46 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus a dubhairt sé rú, Créd fá gcodaltáoi? éirghidh agus déanuidh urnuighe, do chum nach dtuitfeadh sibh a gcathughadh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
éirighidh agus déanaidh urnaighe chum nach rachaidh sibh i gcathuighthibh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
agus is é a dúirt sé leo, “Cad é an codladh sin oraibh? Éirígí agus bígí ag urnaí nach dtaga an cathú oraibh.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
agus dúirt sé leo: «Cad a bheir in bhur gcodladh sibh? Éirígí agus guígí, le heagla go rachadh sibh i gcathú.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
agus dúirt sé leo: “Cad a bheir in bhur gcodladh sibh? Éirígí agus guígí, le heagla go rachaidh sibh i gcathú.”