Luke 22:47 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ag labhairt dó fós, féuch an slúagh, agus an té dá ngoirthí Iúdas, áon don dá fhear déag, ag gabháil rompa, agus do dhruid sé ré Hiosa do thabhairt póige dhó.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Le linn cainnte dhó, féach, sluagh, agus an té ar a dtugadh Iúdás, duine de’n dáréag, do chuaidh seisean rómpa; agus do dhruid sé i n‐aice le h‐Íosa chum póg do thabhairt dó.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ní raibh an focal as a bhéal, nuair a tháinig slua daoine, agus iad á dtreorú ag an bhfear sin a raibh Iúdás mar ainm air, ba dhuine den dáréag. Dhruid sé le hÍosa lena phógadh;
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Le linn dó bheith ag caint, tháinig slua; agus bhí, ag siúl rompu amach, an fear ar a dtugtaí Iúdás, duine den dáréag, agus dhruid sé sin isteach le Íosa chun é a phógadh.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Le linn dó a bheith ag caint, tháinig slua; agus bhí, ag siúl rompu amach, an fear ar a dtugtaí ‘Iúdás’, duine den dáréag, agus dhruid sé sin isteach le hÍosa chun é a phógadh.