Luke 22:5 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do gabh lúathgháire íadsan, agus do rinneadar cunnradh ris airgead do thabhairt dó.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do bhí áthas ortha, agus do‐rinneadar margadh leis go dtiubhraidís airgead dó.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus bhí áthas orthu, agus gheall siad go dtabharfaidís airgead dó.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus bhí áthas orthu, agus rinne siad réiteach leis airgead a thabhairt dó.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus bhí áthas orthu, agus rinne siad réiteach leis airgead a thabhairt dó.