Luke 22:54 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Achd ar mbreith airsion, rugadar léo é, go tigh an ardshagairt. Agus do lean Peadar a bhfad úadh é.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do ghabhadar é, agus rugadar leo é, agus thugadar isteach i dtigh an árd‐shagairt é. Agus do lean Peadar ’n‐a ndiaidh i bhfad siar.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ghabh siad ansin é agus tharraing siad leo é, go teach an ardsagairt. Bhí Peadar á leanúint agus é tamall uaidh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Tar éis dóibh é a ghabháil, sheol siad leo é agus thug isteach i dteach an ardsagairt é. Bhí Peadar á leanúint i bhfad siar.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Tar éis dóibh é a ghabháil, sheol siad leo é agus thug isteach i dteach an ardsagairt é. Bhí Peadar dá leanúint i bhfad siar.