Luke 22:61 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar gcasadh don Tighearna, dféuch sé ar Pheadar. Agus do chumhnigh Peadar ar chomrádh an Tighearna, cionnas a dubhairt sé ris, Suil ghoirfeas an coileach, séanfuidh tú mé trí huáire.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus d’iompuigh an Tighearna, agus do dhearc sé ar Pheadar. Agus do chuimhnigh Peadar ar fhocal an Tighearna, go ndubhairt sé, Sara nglaodhfaidh an coileach indiu, séanfair‐se mé trí h‐uaire.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus thiontaigh an Tiarna thart agus dʼamharc sé ar Pheadar. Agus chuimhnigh Peadar ar bhriathar an Tiarna, agus ar an gcaint a dúirt sé leis, “Sula scairtfidh an coileach ar maidin inniu, séanfaidh tú faoi thrí mé.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus d' iompaigh an Tiarna agus bhreathnaigh ar Pheadar. Chuimhnigh Peadar ansin ar bhriathar an Tiarna, mar a dúirt sé leis: «Roimh ghlaoch don choileach inniu, séanfaidh tú mé faoi thrí.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus dʼiompaigh an Tiarna agus bhreathnaigh ar Pheadar. Chuimhnigh Peadar ansin ar bhriathar an Tiarna, mar a dúirt sé leis: “Roimh ghlaoch don choileach inniu, séanfaidh tú mé faoi thrí.”