Luke 22:63 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus na dáoine do chuinnigh Iósa do rinneadar fonómhad fáoi, dá bhúaladh;
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus na fir go raibh Íosa fá ghreim aca, do bhíodar ag déanamh magaidh faoi, agus g‐á bhualadh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Anois bhíodh na fir a raibh greim acu ar Íosa ag magadh agus á bhualadh;
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ansin, na fir a raibh sé i ngéibheann acu, bhí siad ag fonóid faoi agus á bhualadh;
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ansin, na fir a raibh sé i ngéibheann acu, bhí siad ag fonóid faoi agus dá bhualadh;