Luke 23:10 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do sheasadar na hárdsagairt agus na sgrióbuidhe ag déanamh casáoide air go dithchiollach.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do bhí uachtaráin na sagart agus na scríobhaidhthe ’n‐a seasamh, agus iad g‐á chionntú go dian.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Sheas na hardsagairt agus na scríobhaithe aníos, á chúisiú go dian dásachtach.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Uachtaráin na sagart agus na scríobhaithe, áfach, bhí siad ansiúd á chiontú ar a ndícheall.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Uachtaráin na sagart agus na scríobhaithe, áfach, bhí siad ansiúd dá chiontú ar a ndícheall.