Luke 23:14 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
A dubhairt sé riu, Tugabhair chugamsa an duinesi, mar neach iompóidheas an pobal: agus, féuch, ar gceasdughadh ris damsha ann bhar bhfiadhnuisi féin, ní fhúair me coir ar bith ar an duine do na neithibh agá ndéantáoisi casáoid air:
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Thugabhar chugam an fear so mar dhuine atá ag buaidhreadh na ndaoine agus féach, tar a éis dom a cheistiú ’n‐bhúr bhfiad naise, ní fhuaras cionntach é ins na neithibh atá agaibh‐se d’á gcur ’n‐a leith:
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
agus is é a dúirt sé leo, “Thug sibh an fear seo os mo chomhair mar dhuine a bhíodh ag cur na ndaoine ar bhealach a n‑aimhleasa; agus féachaigí, táim tar éis an chúis a scrúdú os bhur gcomhair, agus ní fheictear dom go bhfuil an fear seo ciontach in aon rud dá gcuireann sibh ina leith;
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
agus dúirt sé leo: «Tá sibh tar éis an duine seo a thabhairt os mo chomhair i leith é a bheith ag saighdeadh an phobail chun ceannairce. Sea anois; scrúdaigh mé féin an scéal in bhur láthair, agus ní bhfuair mé an duine seo ciontach i rud ar bith dá bhfuil sibh a chur ina leith.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
agus dúirt sé leo: “Tá sibh tar éis an duine seo a thabhairt os mo chomhair i leith é a bheith ag saighdeadh an phobail chun ceannairce. Is ea anois; scrúdaigh mé féin an scéal in bhur láthair, agus ní bhfuair mé an duine seo ciontach i rud ar bith dá bhfuil sibh a chur ina leith.