Luke 23:19 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Do bhí ar na chur a bpriosún tré cheannairc áirighe, agus trí mharbhadh, do rinneadh ann sa chathraigh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
duine do bhí curtha i bpríosún mar gheall ar cheannairc do‐rinneadh sa gcathair, agus mar gheall ar dhúnmharbhadh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
bʼshiúd fear ar buaileadh príosún air as ceannairc a fhadú sa chathair, agus as dúnmharú.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
duine eisean a teilgeadh i bpríosún mar gheall ar chíréib a tharla sa chathair, agus mar gheall ar dhúnmharú.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
duine eisean a teilgeadh i bpríosún mar gheall ar chíréib a tharla sa chathair, agus mar gheall ar dhún-mharú.