Luke 23:22 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus a dubhairt sé rín an treas uáir, Achd, créud é an tolc do rinne sé? ní fhuair mísi cúis bhais ar bith air: ar a nadhbharsin ar na smachdughadh, leigfidh mé amach é.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus adubhairt sé leo an treas uair, Cad chuige, cad é an t‐olc atá déanta aige? Ní fhuaras‐sa aon chúis báis ann: smachtóchad é, d’á bhrigh sin, agus scaoilfead saor é.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Labhair sé an tríú huair leo, “Cad chuige, cad é an choir atá déanta aige? Ní fheictear dom go bhfuil aon choir déanta aige a thuillfeadh bás; mar sin smachtóidh mé é agus scaoilfidh mé saor é.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Dúirt sé leo den tríú huair: «Cén t-olc mar sin a rinne an duine seo? Ní bhfuair mé rud ar bith ann a thuillfeadh bás. Dá bhrí sin, tar éis a smachtaithe dom, scaoilfidh mé saor é.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Dúirt sé leo den tríú huair: “Cén t-olc mar sin a rinne an duine seo? Ní bhfuair mé rud ar bith ann a thuillfeadh bás. Dá bhrí sin, tar éis a smachtaithe dom, scaoilfidh mé saor é.”