Luke 23:26 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus an tan do rugadar léo é, ar mbreith ar Shiréanach áirighe, dar bhainm Simon, do bhí ag teachd ón túaith, do chuireadar an chroch air, dá hiomchara ndíaigh Iósa.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus nuair do sheoladar leo é, rugadar ar dhuine ó Churéne darbh ainm Síomón, do bhí ag teacht isteach ó’n tuaith, agus do chuireadar an chroch airsean chum í d’iomchar i ndiaidh Íosa.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Nuair a bhí siad á tharraingt as, rug siad ar dhuine as tír isteach a raibh Síomón Círéanach mar ainm air, agus leag siad an chrois ar a ghualainn, lena hiompar i ndiaidh Íosa.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus iad á sheoladh leo, leag siad lámh ar dhuine áirithe, Síomón, Cuiréanach, a bhí ag teacht ón tuath, agus bhuail siad an chros air lena hiompar i ndiaidh Íosa.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus iad dá sheoladh leo, leag siad lámh ar dhuine áirithe, Síomón Círéinéach, a bhí ag teacht ón tuath, agus bhuail siad an chros air lena hiompar i ndiaidh Íosa.