Luke 23:27 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do lean cuideachda mhór don phobal, agus do na mnáibh é, do bhí fós ag gul agus dá cháoineadhsan.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do bhí sluagh mór daoine g‐á leanamhain, agus mná, agus iad ag caoin‐ghol agus ag déanamh truaighe dhó.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus bhí slua mór daoine á leanúint agus slua de mhná agus iad á chaoineadh agus ag mairgneach faoi.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Bhí slua mór den phobal á leanúint, mar aon le complacht ban a bhí ag mairgneach air agus á chaoineadh.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Bhí slua mór den phobal dá leanúint, mar aon le complacht ban a bhí ag mairgneach air agus dá chaoineadh.