Luke 23:28 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar bhfilleadh chuca a dubhairt Iósa, A ingheana Ierusaléim, ná guilidh ar mo shonsa, achd guilidh ar bhar son féin, agus ar son bhar gcloinne.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht d’iompuigh Íosa chuca, agus adubhairt sé, A ingheana Iarúsalem, ná bidhidh ag gol ar mo shon‐sa, acht ar bhúr son féin, agus ar son bhúr gclainne.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach thiontaigh Íosa leo agus dúirt sé, “Ná bígí do mo chaoineadhsa, a iníonacha Iarúsailéim, ach do bhur gcaoineadh féin agus ag caoineadh bhur gclainne.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ach d' iompaigh Íosa chucu seo agus dúirt: «A iníona Iarúsailéim, ná bígí ag gol mar gheall ormsa, ach déanaigí gol mar gheall oraibh féin agus ar bhur gclann.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ach dʼiompaigh Íosa chucu seo agus dúirt: “A iníonacha Iarúsailéim, ná bígí ag gol mar gheall orm-sa, ach déanaigí gol mar gheall oraibh féin agus ar bhur gclann.